gaeilge
3Réamhráiteas
Teanga bheo chumarsáide í an Ghaeilge. Is cuid d’ár n-oidhreacht í.
Is taifead scríofa é a pholasaí seo den mhúinteoireacht agus foghlaim na Gaeilge ins an scoil. Cuireadh an plean seo le chéile le linn na bliana 2019-2020. (Nuashonraithe 2023)
Chuir an fhoireann scoile an plean seo le chéile i dtosach mí Feabhra tar éis an lá in seirbhíse faoin gCuraclam Nua Teanga na Bunscoile.
Bunchúiseanna
Aidhmeanna bunaithe leis an bplean seo;
Fís:
Is í an aidhm dúinn i Scoil Naisiúnta Cloch Dhubh náspéis a chothu is a chruthu as Ghaeilge agus chun spreagadh na páistí ár dteanga náisiúnta a úsáid in atmaisféar taitneamhach, gan bhrú. Chuige sin, ba chóir go mbeidh gach duine sa phobal scoile – an príomhoide, na múinteoirí, na tuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta – i mbun oibre & faoi scáth a cheile chun aidhmeanna an plean seoa chur i bhfeidhm.Ina theannta sin, Gaeilge neamhfhoirmiúila a spreagadh ni hamháin sa seomra ranga ach timpeall na scoile i rith an lae.
Tá sé ar intinn na scoile dearcadh dearfach a chothú sna páistí agus ina gcuid tuismitheoirí freisin i leith na Gaeilge. Tá chomhoibriú na dtuismitheoirí thar a bheith tábhachtach chun dearcadh dearfach a chaomhnú i meon na páistí don Ghaeilge. Is féidir leo tacaíocht a thabhairt d’obair na scoile agus d’obair an ranga trí cabhhair a thabhairt leis an obair as bhaile agus trí Ghaeilge a chleachtadh ar ócáidí áirithe sa bhaile.
Aontaimíd gur dúshlán dúinn mar mhúinteoirí an fhís seo a bhaint amach ach déanfaimid ár ndícheall chun atmaisféar Gaelach a chruthú is a chothú i Scoil Naisiunta Cloch Dhubh.
Aidhmeanna:
Seo iad na haidhmeanna i nGaeilge atá i Scoil Cloch Dhubh, Corcaigh
Ábhar 7 Modheolaíoch:
Tá an plean don Ghaeilge eagraithe faoi na ceannteidil seo a leanas:
1. Pleanáil don Churaclam
1.1 Cur Chuige Cumarsáideach
1.2 Feidhmeanna teanga
1.3 Snáitheanna an Churaclaim
1.4 Comhtháthú na snáitheanna
1.5 Téamaí, straitéisí agus modhanna múinte
1.6 Gaeilge Neamhfhoirmiúil – úsáid na Gaeilge i rith an lae.
2. Pleanáil Eagraíochta
2.1 Pleanáil an Mhúinteora
2.2 Áiseanna
2.3 Éagsúlacht cumais
2.4 Comhtháthú le hábhair eile
2.5 Measúnú
2.6 Obair bhaile
2.7 Forbairt foirne
2.8 Tuismitheoirí agus an Ghaeilge
2.9 Comhionannas
1. Pleanáil don Churaclam
1.1 Cur Chuige Cumarsáideach
Tá an-bhéim ar an gcumarsáid sa churaclam seo. Tá cumarsáid i gceist sna ceithre snáithe, san ábhar teagaisc agus foghlama agus sna modhanna múinte. Múintear an Ghaeilge ag baint úsáide as an gCur Chuige Cumarsáideach, cur chuige seachas modheolaíocht atá molta go hidirnáisiúnta chun teanga a mhúineadh.
Is iad príomhghnéithe an cur chuige cumarsáideach ná díriú ar riachtanaisí teanga na bpáistí agus a chinntiú go bhfuil baint ag na topaicí / teanga atá roghnaithe le saol an pháiste. Sa chaoi seo is féidir leis an bpáiste bheith gníomhach san fhoghlaim. Beidh sé/sí in ann na feidhmeanna teanga a úsáid ….slán a fhágáil / ceist a chur / freagra a thabhairt. Mar sin tá cumarsáid mar sprioc le gach ceacht Gaeilgeagus na ceithre snáithe a bheith comhtháite lena chéilean oiread is gur féidir.
Sa cheacht cumarsáideach caithfidh an t-ábhar teagaisc agus foghlama a bheith páistelárnach, na feidhmeanna teanga a bheith réalaíoch agus na comhthéacsanna a bheith réalaíoch do shaol an pháiste. Spreagann an múinteoir na páistí chun foghlama agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheacht. Cuireann sé / sí ábhar spreagúil ar fáil do na ceachtanna a bhfuil ceangail aige le suim, le saol agus le caitheamh aimsire na bpáistí. Bíonn teanga an mhúinteora mar shampla ag na páistí. Beidh an páiste gafa gníomhach chomh minic agus is féidir sa cheacht cumarsáideach.
Tuigeann na múinteoirí go bhfuil trí thréimhse i ngach ceacht Gaeilge:
An Tréimhse Réamhchumarsáide
Is sa tréimhse seo a spreagann an múinteoir spéis na bpáistí san ábhar nó sa topaic le ceisteanna agus le comhrá ginearálta, nó is féidir tasc beag a dhéanamh nó cluiche a imirt.
Úsáideann na páistí an teanga atá acu chun ceist a chur agus freagraí a thabhairt, chun eolas a lorg ón múinteoir agus a thabhairt dó / di.Éilíonn an múinteoir an teanga agus eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga a bheidh ag teastáil ó na páistí don tasc a bheidh le déanamh. Muna bhfuil an teanga ar eolas ag an rang múineann an múinteoir an foclóir agus na frásaí nua ag úsáid raon de na modhanna múinte.Tugann an múinteoir deis do na páistí an teanga atá foghlamtha cheana a úsáid i gcomhthéascanna difriúla.
N.B. Múin foclóir agus feidhmeanna nua agus bain úsáid as na modhanna múinte (An Modh Díreach, Modh na Sraithe, Modh na Ráite srl.)
An Tréimhse Cumarsáide
Cabhróidh an tréimhse seo leis na páistí an teanga a shealbhú trína húsáid. Bíonn deis ag na páistí an teanga a d’fhoghlaim siad a úsáid chun tasc éigin a chur i gcrích nó chun ról a ghlacadh i suíomh faoi leith. Bíonn saoirse ag an bpáiste anseo an teanga a úsáid go cruthaitheach, ach bíonn an tasc nó an suíomh faoi threoir an mhúinteora chun go mbeidh ceangal leis an ullmhúcháin a rinneadh ag tús an cheachta.
Bíonn cluichí cumarsáide, sceitsí agus drámaíocht ar siúl i rith an tréimhse seo. Déanann an múinteoir iarracht idirghníomhú sóisialta a eagrú i rith gach ceachta chun go mbeidh seans ag na páistí úsáid a bhaint as an teanga gach lá. Bíonn seans ag na páistí oibriú lena chéile ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí agus an múinteoir mar chomhairleoir, ag éisteacht agus ag tógáil nótaí den teanga atá fós lag.
N.B. Tabhair deis do na páistí an teanga a chleachtadh trí úsáid a bhaint as na stráitéisí atá molta sa churaclam, agallamh beirte, cluichí teanga, tascanna agus fadhbanna, drámaíocht, dán a rá nó píosa léitheoireachta a dhéanamh.
An Tréimhse Iarchumarsáide
Cinntíonn an múinteoir go dtuigeann an páiste an teanga nua agus go bhfuil sé / sí in ann forleathnú a dhéanamh uirthi go suíomh eile le gníomhaíochtaí iarchumarsáide.
Sna híseal ranganna téann an múinteoir siar ar an teanga a bhí lag i bhfoirm aithrise, athrá agus cleachtaidh gramadaí arís. Sna hardranganna beidh gá le cleachtadh arís nó le traschur na teanga a múineadh sa cheacht go dtí tasc nó gníomhaíocht eile.
N.B. Dul siar ar an teanga tríd úsáid a bhaint as druileanna / ceachtanna scríbhneoireachta etc.
1.2 Feidhmeanna teanga (Féach aguisín 1)
Is iad na feidhmeanna croílár an churaclaim Ghaeilge. Is é ciall le feidhm teanga a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a bhaint amach, m.sh. cuireadh a thabhairt, mian a chur in iúl, rud a iarraidh, cead a lorg, soiléiriú a lorg i gcomhrá, caidreamh sóisialta a dhéanamh, dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile, dearcadh a léiriú agus a lorg etc. Tá gá le eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga a roghnú chun go mbeidh:
Sa scoil seo beidh liosta d’eisleamáirí/ samplaí na bhfeidhmeanna teanga le feiceáil i ngach seomra ranga. Táimid chun an greille seo a úsáid mar thacaíocht/treoir don bhfoghlaim agus don teagaisc sa scoil seo. Is féidir linn na héisleamláirí a chur in oiriúint don chleachtas ranga/scoile seo, do na riachtanaisí teanga, do suimeanna agus do chúlraí na bpáistí agus sa tslí seo is féidir a chinntiú go bhfuil forbairt agus leanúnachas sa scoil. Is féidir cur leis an liosta seo nuair atá nathanna á fhoghlaim sna ceachtanna bunaithe ar na teamaí agus na feidhmeanna teanga atá foghlamtha, forbartha agus in úsáid go cumarsáideach ag páistí a mharcáil.Is mian linn go mbeidh na paistí in ann an Ghaeilge atá acu a úsáid chun labhairt, léamh agus scríobh faoi topaicí a bhfuil spéis acu féin iontu ar bhealach nádúrtha cumarsáideach. Cuireann na múinteoirí na feidhmeanna seo san áireamh nuair a bhíonn sé/sí ag ullmhú ceachta, agus úsáideann sé/sí na heiseamláirí mar shampla “Dia duit!, Dia is Muire duit” mar theanga neamhfhoirmiúil i rith an lae chun iad a shuíomh i gcomhthéacs réalaíoch an tseomra ranga agus chun iad a dhaingniú. Seo a leanas na catagóirí feidhmeanna teanga a bheidh i gceist:
1.3 Snáitheanna an Churaclaim
Teanga ó Bhéal (Éisteacht agus Labhairt)
Tá an-tábhacht ag baint le héisteacht agus labhairt i sealbhú na teanga. Tá na páistí ag éisteacht leis an teanga go neamhfhoirmiúil m.sh. sa rang nuair atá an múinteoir ag bainistiú ranga. Cloiseann siad an Ghaeilge chomh maith nuair atá na múinteóirí i mbun cumarsáide sa rang agus i dtimpeallacht na scoile. Tá sé fíorthábhachtach an teanga a úsáid go neamhfhoirmiúil i gnáthchúrsaí an lae chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Cuirtear béim ar scil na héisteachta i rith an cheachta chomh maith – éisteacht go foirmiúil.
Ba mhaith linn go mbeidh na páistí in ann labhairt go simplí faoi na topaicí a bhfuil spéis acu iontu agus go mbeidh siad in ann caidreamh bunúsach sóisialta a dhéanamh. Cumas cumarsáide an sprioc is tábhachtaí le baint amach. Chun an aidhm seo a bhaint amach spreagtar na páistí chun labhairt i nGaeilge go neamhfhoirmiúil chomh minic agus is féidir i rith an lae agus chun labhairt go foirmiúil nuair atá rang ar siúl.
Léitheoireacht
Seo clár ullmhúcháin don litearthacht atá i bhfeidhm i ranganna na naíonán.
Clár ullmhúchán don léitheoireacht/litearthacht
Aithnítear an tábhacht a bhaineann le cumas éisteachta agus labhartha an pháiste a bheith mar bhunús don litearthacht. Is iad abheidh mar bhunchloch don litearthacht. Seo a leanas an clár ullmhúcháin atá i bhfeidhm sna bunranganna.
Forbairt na Léitheoireachta:
Cuirtear tús leis an léitheoireacht fhoirmiúil i Rang 1.
Baintear úsáid as Bua na Cainte chun é seo a éascú agus cuirtear an bhéim ar ghníomhaíochtaí éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta chun caighdeán Gaeilge na bpáistí a ardú.
Sna meán ranganna agus sna hardranganna tá an scéim Bua na Cainte agus Am don Léamh in úsáid. Tá fo-scileanna na léitheoireachta sa Bhéarla sealbhaithe ag na páistí. Tugann an léitheoireacht eolas, pléisiúr agus taitneamh don léitheoir, mar sin, chomh maith leis na leabhair léitheoireachta ranga beimid ag cur leis na leabhair sa leabharlann go rialta agus beidh leabhair spéisiúla agus oiriúnacha do na ranganna go léir á lorg againn chun éagsúlacht téacs agus genre a sholáthar do pháistí. Tiocfaidh forbairt ar na scileanna léitheoireachta óna méanranganna ar aghaidh ag baint úsáid as téascanna agus tascanna difriúla ar nós scéalta sna leabhair atá in úsáid, fíorleabhair, scríbhneoireacht an pháiste, nuachtáin, irisí, dánta, amhráin, abairtí a chur in ord, léigh agus tarraing pictiúr agus araile.Tuigimid go bhfuil bainistiú na léitheoireachta lárnach sa phróiseas chomh maith. Ba mhaith linn deiseanna léitheoireachta éagsúla á sholáthar sa scoil seo, mar shampla – léitheoireacht faoi stiúir, léitheoireacht pháirteach, léitheoireacht roinnte, léitheoireacht aonair, taoiléitheoireacht, tionscnaimh léitheoireachta ilrangach.
Scríbhneoireacht
Tús na Scríbhneoireachta:
Cuirfear tús leis an scríbhneoireacht fhoirmiúil i Rang a 1 agus leanann muid na céimeanna seo:
Forbairt na Scríbhneoireachta
Téann an scríbhneoireacht chun cinn le tascanna scríbhneoireachta m.sh. ailt bunaithe ar nuacht phearsanta. Tuigimid go bhfuil gá le cleachtadh i scríbhneoireacht fheidhmiúil agus chruthaitheach agus go bhfuil cleachtadh agus taithí ag teastáil ó na páistí chun scil na scríbhneoireachta a fhorbairt go leanúnach comhsheasamhach sa scoil i bproiséas na scríbhneoireachta. Tá gá leis seo ionas go mbeidh siad ábalta feabhas a chur ar a n-iarrachtaí.
Sna meánranganna agus sna hardranganna mar sin, cuirfear ar chumas an pháiste:
Litriú
Litriú neamhfhoirmiúil a bhíonn ar siúl i Rang 1. Déanfar é i gcomhthéacs na dtéamaí.
Ó Rang 3 go rang 6 baintear úsáid as na téacsleabhar atá in úsáid. (msh. Bua na Cainte nó Bun go Barr nó Abair Liom)
Baintear úsáid as deachtú go rialta mar mhodh measúnú. Baintear úsáid as ábhar léitheoireachta agus scríbhneoireachta chomh maith mar ábhar don litriú.
Gramadach
Tá an ghramadach á foghlaim de réir a chéile, i gcomhthéacs agus nascaithe leis na h-acmhainní/ teanga atá in úsáid. Bíonn béim i gcónaí ar úsáid agus cumarsáid i bhfoghlaim na gramadaí. Léiríonn Aguisín 3 an leanúnachas agus forbairt a thagann ar an ngramadach ó rang go rang. Tá cóip ag gach oide de na gníomhartha sin dá rang féin chun é seo a chinntiú.
1.4 Comhtháthú na Snáitheanna:
Sa scoil seo cuirtear béim ar éisteacht agus labhairt mar bhunús don litearacht. Déanfaimid iarracht éisteacht / labhairt / léitheóireacht agus scríbhneóireacht a fhorbairt ar bhealach comhtháite. Is féidir é sin a dhéanamh trí na gníomhaíochtaí atá luaite faoi na snáitheanna san ábhar teagaisc.
1.5 Téamaí, Straitéisí agus Modhanna Múinte:
Féach thíos na téamaí:
Táimid chun fó-théamaí bunaithe ar shaol na bpáistí agus topaicí a bhfuil spéis acu iontu a roghnú faoi na deich dtéamaí. Beidh modhanna múinte in úsáid a oireann don téama agus don rang faoi leith agus beidh éagsúlacht sna fó-théamaí i ngach rang.
Is iad seo leanas na stráitéisí is coitianta a úsáidtear:
Is iad na modhanna múinte is éifeachtaí a úsáidtear ná:
1.6 Gaeilge Neamhfhoirmiúil – úsáid na Gaeilge i rith an lae:
(Féach Aguisín 2)
2. Pleanáil Eagraíochta2.1 Pleanáil an Mhúinteora
Pleanáil an Mhúinteora:
Déanann gach múinteoir ranga pleanáil fhadtéarmach agus pleanáil ghearrtéarmach. Déanann na múinteoirí an pleanáil seo.
2.2 Áiseanna:(Aguisín 4)Tá liosta de na háiseanna mar Aguisín 4, agus cuirtear le siúd go rialta.
2.3 Éagsúlacht Cumais:Sa scoil seo déanfar iarracht freastal ar éagsulacht cumais na bpáistí trí modhanna múinte, stráitéisí éagsúla agus acmhainní difriúla a úsáid.
2.4 Comhtháthú le hÁbhair eile:Déanfaimid iarracht an Gaeilge a usáid go neamhfhoirmiúil mar theanga bainistíochta le linn ábhair eile na scoile. Tá roinnt samplaí luaite anseo:
2.5 Measúnú:Is cuid lárnach de phróiseas teagaisc agus foghlama na Gaeilge é an measúnú. Is gné fhiúntach den phróiséas teagaisc agus foghlama é an measúnú, agus cabhraíonn sé le múinteoirí nuair atá siad ag cur curaclaim Ghaeilge i bhfeidhm agus á phleanáil ar bhonn scoile. Is próiseas ciorclach é pleanáil, múineadh, foghlaim agus measúnú na Gaeilge. Measúnú ar na scileanna cumarsáide éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht atá i gceist.
Beidh uirlisí measúnaithe, idir neamhfhoirmiúil agus foirmiúil in úsáid chun dul chun cinn na ndaltaí a mheas:
2.6 Obair Bhaile:Tugann na múinteoirí obair bhaile simplí sodhéanta do na páistí ó Rang 2 ar aghaidh. Bíonn an obair bhaile bunaithe ar an méid atá ar siúl sa rang. Bíonn idir fhoghlaim agus scríobh san obair bhaile.
2.7 Forbairt Foirne:Tugann an Bord Bainistíochta gach tacaíocht d’fhoireann na scoile m.sh. áiseanna a fháil don scoil, freastal ar chúrsaí srl.
2.8 Tuismitheoirí agus an Ghaeilge:Tugann tuismitheoirí na scoile tacaíocht dá bpaistí má tá siad in ann ó thaobh na teanga agus an cultúr de. Déanann an scoil gach iarracht tacú leis na tuismitheoirí le suim a spreagadh sa teanga sa bhaile.
2.9 Comhionannas:Beidh deis ag gach páiste sa scoil seo an Ghaeilge a fhoghlaim agus taitneamh a bhaint as an gcultúr.
Critéir Rathúlachta (lena ndéanfar an polasaí a mheas)
Cur i bhfeidhmRólanna agus freagracht:Rólanna: Tá gach múinteoir freagrach as an bplean a chur i gcrích.
Tá sé de dhualgas ag gach múinteoir scéim bliana agus ullmhúchán gearr-thréimhseach a eagrú de réir na moltaí atá sa phlean iomlán agus de réir an cuid den curaclam a bhaineann lena rang féin.
Spriocdháta leis an bplean a chur i bhfeidhm:Tá an plean i bhfeidhm sa scoil.
AthbhreithniúRólanna agus freagracht:
Rólanna: Tá foireann na scoile freagrach as seo.
Spriocdháta don athbhreithniú:
Pléifear dul chun cinn an phleain go minic. Beidh athbreithniu déanta ar an bplean seo go rialta mar is gá. Déanfar an chéad athbreithniú eile i ndiadh an chéad chruinniú eile Bord Bainistíochta.
Daingniú agus Cumarsáid
Tabharfar cóip den plean scoile seo don Bord Bainistíochta chun moltaí a fháil uathu. Beidh an plean faofa ag an mBord tar éis iniúchadh a dhéanamh air.
Márta 2023

- Cabhair is treo a thabhairt dúinn chun an Curaclam a chur i bhfeidhm agus a chur in oiriúint laistigh den scoil
- A cinntiú go mbeidh treoir chinnte againn ó thaobh múineadh is úsáid an Gaeilge
- Go mbeidh leanúnachas agus forbairt ó rang go rang
- Chun an ‘Cur Chuige Cumarsáide’ a chur i bhfeidhm sa scoil
- Chun comhthéacs a chruthú do chuspóir na Gaeilge sa scoil
- Chun eolas agus treor a thabhairt do mhúinteoirí nua go mbeidh ag obair sa scoil sa todhchaí
Fís:
Is í an aidhm dúinn i Scoil Naisiúnta Cloch Dhubh náspéis a chothu is a chruthu as Ghaeilge agus chun spreagadh na páistí ár dteanga náisiúnta a úsáid in atmaisféar taitneamhach, gan bhrú. Chuige sin, ba chóir go mbeidh gach duine sa phobal scoile – an príomhoide, na múinteoirí, na tuismitheoirí agus an Bord Bainistíochta – i mbun oibre & faoi scáth a cheile chun aidhmeanna an plean seoa chur i bhfeidhm.Ina theannta sin, Gaeilge neamhfhoirmiúila a spreagadh ni hamháin sa seomra ranga ach timpeall na scoile i rith an lae.
Tá sé ar intinn na scoile dearcadh dearfach a chothú sna páistí agus ina gcuid tuismitheoirí freisin i leith na Gaeilge. Tá chomhoibriú na dtuismitheoirí thar a bheith tábhachtach chun dearcadh dearfach a chaomhnú i meon na páistí don Ghaeilge. Is féidir leo tacaíocht a thabhairt d’obair na scoile agus d’obair an ranga trí cabhhair a thabhairt leis an obair as bhaile agus trí Ghaeilge a chleachtadh ar ócáidí áirithe sa bhaile.
Aontaimíd gur dúshlán dúinn mar mhúinteoirí an fhís seo a bhaint amach ach déanfaimid ár ndícheall chun atmaisféar Gaelach a chruthú is a chothú i Scoil Naisiunta Cloch Dhubh.
Aidhmeanna:
Seo iad na haidhmeanna i nGaeilge atá i Scoil Cloch Dhubh, Corcaigh
- Go mbainfidh na paistí amach caighdeán ard labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta roimh deireadh a mbunoideachais
- Cumas éisteachta agus labhartha na bpáistí a fhorbairt agus a muinín chun an Ghaeilge a usáid a chothú
- Éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht a fhorbairt ar bhealach comhtháite
- Feasacht cultúir agus teanga a chothú
- Dearcadh dearfach a chothú sna páistí i leith na Gaeilge ionas go mbeidh fonn orthu í a úsáid agus a chur chun cinn
- Cur leis na háiseanna sa scoil go rialta chun freastal ar riachtanaisí teanga na bpáistí
- Go dtabharfaidh an fhoireann teagaisc tacaíocht dá chéile chun a gcuid Gaeilge féin a chur chun cinn
- Cur le líofacht, le cruinneas agus le saibhreas teanga na bpáistí
- Úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga cumarsáide a chur chun cinn
Ábhar 7 Modheolaíoch:
Tá an plean don Ghaeilge eagraithe faoi na ceannteidil seo a leanas:
1. Pleanáil don Churaclam
1.1 Cur Chuige Cumarsáideach
1.2 Feidhmeanna teanga
1.3 Snáitheanna an Churaclaim
1.4 Comhtháthú na snáitheanna
1.5 Téamaí, straitéisí agus modhanna múinte
1.6 Gaeilge Neamhfhoirmiúil – úsáid na Gaeilge i rith an lae.
2. Pleanáil Eagraíochta
2.1 Pleanáil an Mhúinteora
2.2 Áiseanna
2.3 Éagsúlacht cumais
2.4 Comhtháthú le hábhair eile
2.5 Measúnú
2.6 Obair bhaile
2.7 Forbairt foirne
2.8 Tuismitheoirí agus an Ghaeilge
2.9 Comhionannas
1. Pleanáil don Churaclam
1.1 Cur Chuige Cumarsáideach
Tá an-bhéim ar an gcumarsáid sa churaclam seo. Tá cumarsáid i gceist sna ceithre snáithe, san ábhar teagaisc agus foghlama agus sna modhanna múinte. Múintear an Ghaeilge ag baint úsáide as an gCur Chuige Cumarsáideach, cur chuige seachas modheolaíocht atá molta go hidirnáisiúnta chun teanga a mhúineadh.
Is iad príomhghnéithe an cur chuige cumarsáideach ná díriú ar riachtanaisí teanga na bpáistí agus a chinntiú go bhfuil baint ag na topaicí / teanga atá roghnaithe le saol an pháiste. Sa chaoi seo is féidir leis an bpáiste bheith gníomhach san fhoghlaim. Beidh sé/sí in ann na feidhmeanna teanga a úsáid ….slán a fhágáil / ceist a chur / freagra a thabhairt. Mar sin tá cumarsáid mar sprioc le gach ceacht Gaeilgeagus na ceithre snáithe a bheith comhtháite lena chéilean oiread is gur féidir.
Sa cheacht cumarsáideach caithfidh an t-ábhar teagaisc agus foghlama a bheith páistelárnach, na feidhmeanna teanga a bheith réalaíoch agus na comhthéacsanna a bheith réalaíoch do shaol an pháiste. Spreagann an múinteoir na páistí chun foghlama agus chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheacht. Cuireann sé / sí ábhar spreagúil ar fáil do na ceachtanna a bhfuil ceangail aige le suim, le saol agus le caitheamh aimsire na bpáistí. Bíonn teanga an mhúinteora mar shampla ag na páistí. Beidh an páiste gafa gníomhach chomh minic agus is féidir sa cheacht cumarsáideach.
Tuigeann na múinteoirí go bhfuil trí thréimhse i ngach ceacht Gaeilge:
- An Tréimhse Réamhchumarsáide
- An Tréimhse Cumarsáide
- An Tréimhse Iarchumarsáide
An Tréimhse Réamhchumarsáide
Is sa tréimhse seo a spreagann an múinteoir spéis na bpáistí san ábhar nó sa topaic le ceisteanna agus le comhrá ginearálta, nó is féidir tasc beag a dhéanamh nó cluiche a imirt.
Úsáideann na páistí an teanga atá acu chun ceist a chur agus freagraí a thabhairt, chun eolas a lorg ón múinteoir agus a thabhairt dó / di.Éilíonn an múinteoir an teanga agus eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga a bheidh ag teastáil ó na páistí don tasc a bheidh le déanamh. Muna bhfuil an teanga ar eolas ag an rang múineann an múinteoir an foclóir agus na frásaí nua ag úsáid raon de na modhanna múinte.Tugann an múinteoir deis do na páistí an teanga atá foghlamtha cheana a úsáid i gcomhthéascanna difriúla.
N.B. Múin foclóir agus feidhmeanna nua agus bain úsáid as na modhanna múinte (An Modh Díreach, Modh na Sraithe, Modh na Ráite srl.)
An Tréimhse Cumarsáide
Cabhróidh an tréimhse seo leis na páistí an teanga a shealbhú trína húsáid. Bíonn deis ag na páistí an teanga a d’fhoghlaim siad a úsáid chun tasc éigin a chur i gcrích nó chun ról a ghlacadh i suíomh faoi leith. Bíonn saoirse ag an bpáiste anseo an teanga a úsáid go cruthaitheach, ach bíonn an tasc nó an suíomh faoi threoir an mhúinteora chun go mbeidh ceangal leis an ullmhúcháin a rinneadh ag tús an cheachta.
Bíonn cluichí cumarsáide, sceitsí agus drámaíocht ar siúl i rith an tréimhse seo. Déanann an múinteoir iarracht idirghníomhú sóisialta a eagrú i rith gach ceachta chun go mbeidh seans ag na páistí úsáid a bhaint as an teanga gach lá. Bíonn seans ag na páistí oibriú lena chéile ina mbeirteanna nó ina ngrúpaí agus an múinteoir mar chomhairleoir, ag éisteacht agus ag tógáil nótaí den teanga atá fós lag.
N.B. Tabhair deis do na páistí an teanga a chleachtadh trí úsáid a bhaint as na stráitéisí atá molta sa churaclam, agallamh beirte, cluichí teanga, tascanna agus fadhbanna, drámaíocht, dán a rá nó píosa léitheoireachta a dhéanamh.
An Tréimhse Iarchumarsáide
Cinntíonn an múinteoir go dtuigeann an páiste an teanga nua agus go bhfuil sé / sí in ann forleathnú a dhéanamh uirthi go suíomh eile le gníomhaíochtaí iarchumarsáide.
Sna híseal ranganna téann an múinteoir siar ar an teanga a bhí lag i bhfoirm aithrise, athrá agus cleachtaidh gramadaí arís. Sna hardranganna beidh gá le cleachtadh arís nó le traschur na teanga a múineadh sa cheacht go dtí tasc nó gníomhaíocht eile.
N.B. Dul siar ar an teanga tríd úsáid a bhaint as druileanna / ceachtanna scríbhneoireachta etc.
1.2 Feidhmeanna teanga (Féach aguisín 1)
Is iad na feidhmeanna croílár an churaclaim Ghaeilge. Is é ciall le feidhm teanga a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a bhaint amach, m.sh. cuireadh a thabhairt, mian a chur in iúl, rud a iarraidh, cead a lorg, soiléiriú a lorg i gcomhrá, caidreamh sóisialta a dhéanamh, dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile, dearcadh a léiriú agus a lorg etc. Tá gá le eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga a roghnú chun go mbeidh:
- an fhoireann ar fad aontaithe ar an gcur chuige
- forbairt agus leanúnachas le feiceáil óna Naíonáin go Rang 6
- treoir agus struchtúr ag foireann na scoile
- na páistí in ann an Ghaeilge atá acu a úsáid chun labhairt /léamh/ agus scríobh faoi topaicí a bhfuil spéis acu féin iontu, is cuma cé chomh teoranta is atá sé.
Sa scoil seo beidh liosta d’eisleamáirí/ samplaí na bhfeidhmeanna teanga le feiceáil i ngach seomra ranga. Táimid chun an greille seo a úsáid mar thacaíocht/treoir don bhfoghlaim agus don teagaisc sa scoil seo. Is féidir linn na héisleamláirí a chur in oiriúint don chleachtas ranga/scoile seo, do na riachtanaisí teanga, do suimeanna agus do chúlraí na bpáistí agus sa tslí seo is féidir a chinntiú go bhfuil forbairt agus leanúnachas sa scoil. Is féidir cur leis an liosta seo nuair atá nathanna á fhoghlaim sna ceachtanna bunaithe ar na teamaí agus na feidhmeanna teanga atá foghlamtha, forbartha agus in úsáid go cumarsáideach ag páistí a mharcáil.Is mian linn go mbeidh na paistí in ann an Ghaeilge atá acu a úsáid chun labhairt, léamh agus scríobh faoi topaicí a bhfuil spéis acu féin iontu ar bhealach nádúrtha cumarsáideach. Cuireann na múinteoirí na feidhmeanna seo san áireamh nuair a bhíonn sé/sí ag ullmhú ceachta, agus úsáideann sé/sí na heiseamláirí mar shampla “Dia duit!, Dia is Muire duit” mar theanga neamhfhoirmiúil i rith an lae chun iad a shuíomh i gcomhthéacs réalaíoch an tseomra ranga agus chun iad a dhaingniú. Seo a leanas na catagóirí feidhmeanna teanga a bheidh i gceist:
- Caidreamh sóisialta a dhéanamh
- Soiléiriú a lorg i gcomhrá
- Dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile
- Dearcadh a léiriú agus a lorg
- Eolas a thabhairt agus a lorg
- Struchtúr a chur ar chomhrá
1.3 Snáitheanna an Churaclaim
Teanga ó Bhéal (Éisteacht agus Labhairt)
Tá an-tábhacht ag baint le héisteacht agus labhairt i sealbhú na teanga. Tá na páistí ag éisteacht leis an teanga go neamhfhoirmiúil m.sh. sa rang nuair atá an múinteoir ag bainistiú ranga. Cloiseann siad an Ghaeilge chomh maith nuair atá na múinteóirí i mbun cumarsáide sa rang agus i dtimpeallacht na scoile. Tá sé fíorthábhachtach an teanga a úsáid go neamhfhoirmiúil i gnáthchúrsaí an lae chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Cuirtear béim ar scil na héisteachta i rith an cheachta chomh maith – éisteacht go foirmiúil.
Ba mhaith linn go mbeidh na páistí in ann labhairt go simplí faoi na topaicí a bhfuil spéis acu iontu agus go mbeidh siad in ann caidreamh bunúsach sóisialta a dhéanamh. Cumas cumarsáide an sprioc is tábhachtaí le baint amach. Chun an aidhm seo a bhaint amach spreagtar na páistí chun labhairt i nGaeilge go neamhfhoirmiúil chomh minic agus is féidir i rith an lae agus chun labhairt go foirmiúil nuair atá rang ar siúl.
Léitheoireacht
Seo clár ullmhúcháin don litearthacht atá i bhfeidhm i ranganna na naíonán.
Clár ullmhúchán don léitheoireacht/litearthacht
Aithnítear an tábhacht a bhaineann le cumas éisteachta agus labhartha an pháiste a bheith mar bhunús don litearthacht. Is iad abheidh mar bhunchloch don litearthacht. Seo a leanas an clár ullmhúcháin atá i bhfeidhm sna bunranganna.
- Teanga an mhúinteora – an phríomhacmhainn Ghaeilge i saol an pháiste, ag úsáid an Gaeilge go rialta gach lá chun frásaí faoi leith a dhaingni
- Gaeilge sa timpeallacht - póstaeir le lipéid, prionta timpeall an tseomra ranga, fógraí gairide faoi shaol an tseomra ranga, ainmneacha na bpáistí, fógraí (Cúinne na leabhair, Nímid ár lámha), pictiúrleabhair sa leabharlann
- Scéalta – ag éisteacht leis an múinteoir ag léamh nó ag insint scéil, téipeanna éisteachta, cláir ar TG4
- Nuacht phearsanta mar scéal – a thabhairt faoina saol féin agus éisteacht le scéalta na bpáistí eile
- Rainn/amhráin – rainn le hathrá a aithris & amhráin a chanadh
- Rólghlacadh/Drámaíocht – rólghlacadh a chleachtadh ag leibhéal simplí (sa bhaile, sa scoil, sa siopa), treoracha a leanúint (deir ó Grádaigh), mothúcháin a léiriú le mím (áthas, brón)
- Cluichí éisteachta & teanga – chun cabhrú le tuiscint an pháiste, m.sh. éisteacht & aithint/aimsiú/taispeáint/meaitseáil/dathú/tarraingt ………
- An Ghaeilge i dtimpeallacht na scoile – éisteacht leis an nGaeilge á húsáid go nádúrtha mar theanga chaidrimh & bhainisteoireachta, prionta Gaeilge sa timpeallacht
- Leabhair mhóra le/gan téacs – (An Gúm, Folens, An Comhlacht Oideachais, Séideán Sí, An tÁisaonad)
Forbairt na Léitheoireachta:
Cuirtear tús leis an léitheoireacht fhoirmiúil i Rang 1.
Baintear úsáid as Bua na Cainte chun é seo a éascú agus cuirtear an bhéim ar ghníomhaíochtaí éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta chun caighdeán Gaeilge na bpáistí a ardú.
Sna meán ranganna agus sna hardranganna tá an scéim Bua na Cainte agus Am don Léamh in úsáid. Tá fo-scileanna na léitheoireachta sa Bhéarla sealbhaithe ag na páistí. Tugann an léitheoireacht eolas, pléisiúr agus taitneamh don léitheoir, mar sin, chomh maith leis na leabhair léitheoireachta ranga beimid ag cur leis na leabhair sa leabharlann go rialta agus beidh leabhair spéisiúla agus oiriúnacha do na ranganna go léir á lorg againn chun éagsúlacht téacs agus genre a sholáthar do pháistí. Tiocfaidh forbairt ar na scileanna léitheoireachta óna méanranganna ar aghaidh ag baint úsáid as téascanna agus tascanna difriúla ar nós scéalta sna leabhair atá in úsáid, fíorleabhair, scríbhneoireacht an pháiste, nuachtáin, irisí, dánta, amhráin, abairtí a chur in ord, léigh agus tarraing pictiúr agus araile.Tuigimid go bhfuil bainistiú na léitheoireachta lárnach sa phróiseas chomh maith. Ba mhaith linn deiseanna léitheoireachta éagsúla á sholáthar sa scoil seo, mar shampla – léitheoireacht faoi stiúir, léitheoireacht pháirteach, léitheoireacht roinnte, léitheoireacht aonair, taoiléitheoireacht, tionscnaimh léitheoireachta ilrangach.
Scríbhneoireacht
Tús na Scríbhneoireachta:
Cuirfear tús leis an scríbhneoireacht fhoirmiúil i Rang a 1 agus leanann muid na céimeanna seo:
- a (h)ainm féin a scríobh
- abairtí a chóipeáil
- liostaí eágsúla a chumadh, m.sh.bréagaín, bia, dathanna
- cluichí focal a imirt, e.g. tóraíocht focal, dréimire focal, crosfhocal,
- cártaí d’ocáidí éagsúla chumadh - don rang,do rang eile do dhaoine eile…
- bearnaí i dtéacs a líonadh
- bolgáin chainte a líonadh le téacs cuí
- litreacha i bhfocal a chur san ord ceart
- focail in abairt a chur san ord ceart
- scríobh as féin – focail, frásaí
- pictiúr a tharraing agus lipéid a chur leis
Forbairt na Scríbhneoireachta
Téann an scríbhneoireacht chun cinn le tascanna scríbhneoireachta m.sh. ailt bunaithe ar nuacht phearsanta. Tuigimid go bhfuil gá le cleachtadh i scríbhneoireacht fheidhmiúil agus chruthaitheach agus go bhfuil cleachtadh agus taithí ag teastáil ó na páistí chun scil na scríbhneoireachta a fhorbairt go leanúnach comhsheasamhach sa scoil i bproiséas na scríbhneoireachta. Tá gá leis seo ionas go mbeidh siad ábalta feabhas a chur ar a n-iarrachtaí.
Sna meánranganna agus sna hardranganna mar sin, cuirfear ar chumas an pháiste:
- scríobh do léitheoirí agus d’éisteoirí éagsúla
- cluichí taitneamhacha focal a imirt
- cleachtaithe scríbhneoireachta a chur i gcrích
- pictiúir agus abairtí a chur san ord ceart chun scéal a insint
- creatlacha réamhcheaptha d’alt nó d’aiste ghearr a chríochnú
- focail a scríobh ó chuimhne
- scríbhneoireacht fheidhmiúil (ainm, cuireadh, cártaí, litir shimplí, teachtaireachtaí)
- cur síos a dhéanamh ar phictiúir
- tabhairt faoi scríbhneoireacht phearsanta (tuairiscí, ailt, aistí gearra, scéalta simplí)
Litriú
Litriú neamhfhoirmiúil a bhíonn ar siúl i Rang 1. Déanfar é i gcomhthéacs na dtéamaí.
Ó Rang 3 go rang 6 baintear úsáid as na téacsleabhar atá in úsáid. (msh. Bua na Cainte nó Bun go Barr nó Abair Liom)
Baintear úsáid as deachtú go rialta mar mhodh measúnú. Baintear úsáid as ábhar léitheoireachta agus scríbhneoireachta chomh maith mar ábhar don litriú.
Gramadach
Tá an ghramadach á foghlaim de réir a chéile, i gcomhthéacs agus nascaithe leis na h-acmhainní/ teanga atá in úsáid. Bíonn béim i gcónaí ar úsáid agus cumarsáid i bhfoghlaim na gramadaí. Léiríonn Aguisín 3 an leanúnachas agus forbairt a thagann ar an ngramadach ó rang go rang. Tá cóip ag gach oide de na gníomhartha sin dá rang féin chun é seo a chinntiú.
1.4 Comhtháthú na Snáitheanna:
Sa scoil seo cuirtear béim ar éisteacht agus labhairt mar bhunús don litearacht. Déanfaimid iarracht éisteacht / labhairt / léitheóireacht agus scríbhneóireacht a fhorbairt ar bhealach comhtháite. Is féidir é sin a dhéanamh trí na gníomhaíochtaí atá luaite faoi na snáitheanna san ábhar teagaisc.
1.5 Téamaí, Straitéisí agus Modhanna Múinte:
Féach thíos na téamaí:
- Mé Féin
- Sa Bhaile
- An Scoil
- Bia
- An Teilifís
- Siopadóireacht
- Caitheamh Aimsire
- Éadaí
- An Aimsir
- Ócáidí Speisialta
Táimid chun fó-théamaí bunaithe ar shaol na bpáistí agus topaicí a bhfuil spéis acu iontu a roghnú faoi na deich dtéamaí. Beidh modhanna múinte in úsáid a oireann don téama agus don rang faoi leith agus beidh éagsúlacht sna fó-théamaí i ngach rang.
Is iad seo leanas na stráitéisí is coitianta a úsáidtear:
- Agallaimh mar ionchur d’imirt i rólanna
- Cluichí teanga
- Tascanna agus fadhbanna
- Druileanna
- Scéalaíocht
- Filíocht
- Amhráin
Is iad na modhanna múinte is éifeachtaí a úsáidtear ná:
- An modh díreach m.sh – Seo ríomhaire (taispeáin ríomhaire agus é á rá)
- Modh na sraithe m.sh - D’éirigh mé ar maidin, ghlan mé m’fhiacla, d’ith mé mo bhricfeasta …..
- Modh na lánfhreagartha gníomhaí m.sh - Éist agus déan – cuir suas do lámh, bí ag rith, srl
- An modh closabhartha m.sh - éisteacht le dlúthdíoscanna, caint an mhúinteora – cluiche bingo/éist agus tarraing
- An modh closamhairc m.sh. - Deilbhíní, físeáin, pictúirí srl
- Modh na ráite, m.sh. – frásaí a fhoghlaim (m.sh ar muin na muice…) le n-usáid arís
1.6 Gaeilge Neamhfhoirmiúil – úsáid na Gaeilge i rith an lae:
(Féach Aguisín 2)
- Beimid ag súil go mbeidh páistí in ann teachtaireacht a thabhairt, cead a iarraidh agus cabhair a lorg as Gaeilge mar chuid de chaint an lae.
- Sa scoil seo úsáidtear an Ghaeilge go neamhfhoirmiúil chomh minic agus is féidir i rith an lae chun tacú le foghlaim fhoirmiúil eiseamláirí na bhfeidhmeanna teanga. Chomh maith leis sin tabharfaidh úsáid na Gaeilge neamhfhoirmiúil comhthéacs réalaíoch d’úsáid na n-eiseamláirí teanga.
- Úsáidtear an Ghaeilge sa rang go rialta ag amannaáirithe, m.sh. am rolla, am lóin, ag tús an lae, am dul abhaile, i gcomhair teachtaireachtaí.
- Feicfidh na páistí prionta sa timpeallacht i bhfógraí agus comharthaí.
- Beidh béim faoi léith ar usáid na Gaeilge sa tréimhse roimh Sheachtain na Gaeilge.
2. Pleanáil Eagraíochta2.1 Pleanáil an Mhúinteora
Pleanáil an Mhúinteora:
Déanann gach múinteoir ranga pleanáil fhadtéarmach agus pleanáil ghearrtéarmach. Déanann na múinteoirí an pleanáil seo.
- Pleanáil fhadtéarmach ……… Plean Bliana/Téarma
- Pleanáil ghearrthéarmach …… Scéim Coicíse agus Cuntas Míosúil
2.2 Áiseanna:(Aguisín 4)Tá liosta de na háiseanna mar Aguisín 4, agus cuirtear le siúd go rialta.
2.3 Éagsúlacht Cumais:Sa scoil seo déanfar iarracht freastal ar éagsulacht cumais na bpáistí trí modhanna múinte, stráitéisí éagsúla agus acmhainní difriúla a úsáid.
2.4 Comhtháthú le hÁbhair eile:Déanfaimid iarracht an Gaeilge a usáid go neamhfhoirmiúil mar theanga bainistíochta le linn ábhair eile na scoile. Tá roinnt samplaí luaite anseo:
- Corpoideachas: Lúthcleasaíocht; damhsaí; ag éisteacht le treoracha, léim fada nó gearr…
- Ceol: amhráin Gaeilge agus seó tallainne do Sheachtain na Gaeilge
- Damhsaí Gaelach do Sheachtain na Gaeilge
- Na hamharceolaíona: Péint agus dathú; péinteáil- na dathanna agus treoracha i nGaeilge.
2.5 Measúnú:Is cuid lárnach de phróiseas teagaisc agus foghlama na Gaeilge é an measúnú. Is gné fhiúntach den phróiséas teagaisc agus foghlama é an measúnú, agus cabhraíonn sé le múinteoirí nuair atá siad ag cur curaclaim Ghaeilge i bhfeidhm agus á phleanáil ar bhonn scoile. Is próiseas ciorclach é pleanáil, múineadh, foghlaim agus measúnú na Gaeilge. Measúnú ar na scileanna cumarsáide éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht atá i gceist.
Beidh uirlisí measúnaithe, idir neamhfhoirmiúil agus foirmiúil in úsáid chun dul chun cinn na ndaltaí a mheas:
- Dírbhreathnú an mhúinteora
- Tascanna & trialacha deartha ag an múinteoir
- Bailiúchán d’obair na páistí
2.6 Obair Bhaile:Tugann na múinteoirí obair bhaile simplí sodhéanta do na páistí ó Rang 2 ar aghaidh. Bíonn an obair bhaile bunaithe ar an méid atá ar siúl sa rang. Bíonn idir fhoghlaim agus scríobh san obair bhaile.
2.7 Forbairt Foirne:Tugann an Bord Bainistíochta gach tacaíocht d’fhoireann na scoile m.sh. áiseanna a fháil don scoil, freastal ar chúrsaí srl.
2.8 Tuismitheoirí agus an Ghaeilge:Tugann tuismitheoirí na scoile tacaíocht dá bpaistí má tá siad in ann ó thaobh na teanga agus an cultúr de. Déanann an scoil gach iarracht tacú leis na tuismitheoirí le suim a spreagadh sa teanga sa bhaile.
2.9 Comhionannas:Beidh deis ag gach páiste sa scoil seo an Ghaeilge a fhoghlaim agus taitneamh a bhaint as an gcultúr.
Critéir Rathúlachta (lena ndéanfar an polasaí a mheas)
- Aiseolas ó mhúinteoirí faoin méid Gaeilge atá in úsáid sa rang/sa scoil
- Aiseolas ó na páistí faoina ndearcadh i leith na Gaeilge – (taitneamhach? Suimiúil? Éasca?…)
- Atmaisféar Gaelach sa scoil – tá sé seo á neartú againn trí imeachtaí éagsula a eagrú i rith na bliana chomh maith le imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge.
- Plé ag cruinnithe foirne